School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 079
- XML “Ainmneacha Áiteacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmneacha Áiteacha. (Míniú).Dún-Lúithche—Fadó shoin ariamh bhí Dún ag Lughbhaidh Mac Conn Céadchathach shuas imbhárr Ghaoth-Dóbhair. Tá fóthracha an chaisleán ann go fóill. Sin an fáth a dtugtar "Dún-luithche nó Dún-Lúghbhaidh ar an áit sin.Leabaidh Dhiarmada— Sin lag atá shuas ar thaoibh na h-Eargala agus deirtear gur ghnáthach le Diarmaid agus Graínne codhladh ann nuair abhí an tóir ortha.Lag Na h-Altora— Sin áit atá igCnoc -An-Stolaire agus ba ghnáthach le na sagairt an tAifreann a rádh ann nuair abhí an géarleanumhaint ortha. Bhí an lag seó in áit folaigh agus ba ghnáthach le na daoine adhul ann agus a n-urnaighe a rádh fosta. Ma amharceann tú go géar ar an altóir chloiche thig leat crois a fheiceáil ann.