School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 072
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Rugadh 7 tógadh Liam O Brian i mBaile Mhuine i gCo Aontroma.”
Rugadh agus tógadh Liam O Brian imBhaile Mhuine igCo Aontroma. Gabha abhí ann agus bhí sé iontach déirceach, ach bhí locht amháin air, go raibh sé iontach tugtha don ól. Tráthnóna amháin bhí sé ag obair sa cheartcha, muair a bhuail fear siubhal isteach agus é cráidhte do'n ocras agus tacht. Thug Liam a sháith le h-ithe agus le h-ól do agus annsin labhair an bacach agus dubhairt sé "iarr trí athchuinge ar bith anois is mian leat agus gheobhaidh tú iad" "Iarrfaidh leóga arsa Liam agus sé mo chéad athcuinge, "na mbhíonn duine ar bith a shuidheas san chathaoir seó abalta éirigh aistí go n-iarrfaidh mise air. An dara ceann " go ngreameochaidh an t-órd sin do chibi duine a bheireas uirrí, agus an tríomhadh ceann nach mbhíonn mo sparan folaimh fad is a bhéas mé beó.(continues on next page)- Informant
- Antoin Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal