School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 049
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear 7 bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh 7 crann a bhaint 7 é a thabhairt na bhaile.”
Bhí fear agus bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh agus crann a bhaint agus é a thabhairt na bhaile. Sul ar imthigh sé chuir a mháthair buideal bainne agus bunóg aráin leis. Shiubhal sé leis go nóin agus annsin shuidh sé síos le na lón a ithe. Mhothuigh sé trup beag taobh thall de agus nuair a d'amharc sé thart chonnaic sé fear beag bídeach agus cóta glas air.
"Damh cuid de'n lón?" arsa'n fear beag leis,
"Bog leat as m'amharc, tá sé uilig gann go leór agam fhéin," arsa'n fear eile leis.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc chríochnuigh sé a lón agus d'éirigh sé annsin a ghearradh an chrainn, ach thug(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Dhuibir
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Gabhla, Co. Donegal