School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 033
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann uair amháin ar bh'ainm do Mághnus Bán, bhí sé ceithre sgór go leith blianta 7 é chomh díreach le feag 7 chomh gasta le geallamháin.”
Bhí fear ann uair amháin ar b'ainm do Mághnus Bán. Bhí sé ceithre sgór go leith bliainta agus é chomh díreach le feagh agus chomh gasta le geallamhán. Bhíodh sé igcomhnuidhe ag magadh ar sean dhaoine na h-áite nach raibh leath chomh sean leis agus iad ar shiubhal ag tuitim ar a mbataí. Lá amháin nuair abhí sé ag magadh ar sheandhuine de chuid na comharsan fa na chuid creapaltacht ghlac an sean dhuine corraidh leis agus dubhairt leis "dá siubhalfea giota gheobhthea [?] níos sine na thú fhéin agus níos gaiste"
Smaointigh Maghnus go mbhfeidir go raibh an ceart ag an t-sean dhuine agus maidin lá thar na bhárach bhí sé na shuidhe le breacadh an lae agus as go brath leis go bhfeicfeadh sé an raibh firinne ar bith i sgéal an fhir eile.(continues on next page)- Informant
- Eógan Mac Giolla Bríghde
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Muine Dubh, Co. Donegal