School: Doire Beag (B.)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag (B.)
- XML Page 188
- XML “Na Mic Ó gCorra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Mic ‘ac Gorr
Tá trí carraigeacha móra chóir abheith buailte ar a chéile tuairim ar deich míle no níos mo i bhfairrge amuigh ar chúl na noilean. Is doiche gur comhgaruigh de oilean Árann iad no den taobh seo. Ach tugtar na Mic ‘ac Gorr no sa Bhearla na stags ortha. Tá siad an árd os cionn na fairrge, agus ar bhealach na soitheach no na lunga a théighid thart an cósta.
Nuair afuair Colmcille seilbh ar Thorraigh, dhibhear sé an dream mallaigh a bhi ar an oileán. D’imthigh triúr acu ar snámh le Árain abhaint amach. Rinneadh carraigeacha daobhtha agus fága na seasadh annsoin ó choin iad. Deirtear go bhfuil futha na trí h-oileán uaidh Árain 7 Torrach a cuir faoi uisce. ‘Mo thrí thruaigh naoi nuair uaigh Árain 7 Torrach’ nuair a thiocfas(continues on next page)