School: Doire Beag (B.)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Liam Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1067, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1067, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag (B.)
  2. XML Page 166
  3. XML “Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sidheogaí.
    Nuair a thigeadh sean daoiní le chéile i dtoighthe áirneáil fad ó shoin, ní rabh a dhath as a mbéal ach sgealta fa thaidbhsidhe - no fa’n tsluagh sidhe.
    Chonnaic duine leithid seo do thais agus ní mo no gur bhain se an baile amach le sgannradh. Thainic an sluagh sidhe ar dhuine eile agus rinne siad suid i seo leis. Bhí an bunnadh óg a bhíodh ag éisteacht a glacadh seo isteach, agus ní mo no go rachadh duine aca amach thar an doras leis féin indiaidh a dhul o sholus.
    Bhiodh áiteacha ar leith a mbeadh an sluagh sidhe i gcomhnuidhe ar a gcosa. Fa na tráigheanna agus fa bheanna móra uaigneacha.
    Tháinic siad ar fhear san áit seo uair amháin leis féin ar an tráigh mhóir. Nuair a chonnaic se tarraingt air iad dórduigh se uaidh iad, agus thionntuigh siad in áit na mbonn agus tharraing araist ar an fhairrge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish