Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 329
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ina chónaí i mBaile Átha Cliath uair amháin . . .”
Bhí fear ‘na chomhnuidhe i mBaile Átha Cliath uair amháin agus bhí trúir fáthach aige. Bhí Conall Cearnach ar cuairt ag an fhear seo. Oidhche amháin nuair a chuaidh sé a luighe, tháinic an fáthach isteach aige agus dubhairt sé go raibh an bás ag a uncal agus a ghabhail chuige.
D’éirigh Conall agus rinn sé réidh, agus nuair a bhí sé ag teach a uncail ní raibh aon dhath contráilte le na uncal. Chruinnigh Cinall Cearnach arm mór sáighdúir agus chuaidh sé go dtí teach na bfáthach agus thosuigh siad ortha gur mhairbh siad iad. Nuair a d’éirigh fear an toighe lá thar na bhárach chuaidh sé isteach ag gabhail a mhusgail na bfáthach agus nuair a chonnaic sé iad marbh, tháinic corruighe air, agus ní raibh fhios aige caidé a dhéanfadh sé. Fuair sé amach gur Chonall Cearnach a rinn é agus bhí sé ag gabhail a mharbhúgadh. Dubhairt sé leis go ndíolfadh sé a luach. Throid sé leis agus b’éigin do é a dhíol ‘san deireadh. Bhí sé ‘na námhaid ní ba mhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Faisnéiseoir
- Shéamús Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87
- Gairm bheatha
- 1397225 (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)