School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 241
- XML “Comharthaí Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ma bhíonn an ghrian dearg ar maidín sin comhartha fearthanna.
Ma bhíonn cosa as an ghréin sin comhartha stuirm.
Ma bhíonn fáinne ar an ghealaigh i dheas duithe sin comhartha fearthanna agus ma bhíonn an fáinne i bhfad uaithe sin comhartha stuirm. Ma bhíonn cuma bhaidhtheach ar an ghealaigh sin chomhartha fearthanna.
Ma bhíonn tuath ceatha ann ar maidín sin comhartha fearthanna agus ma bhíonn ceann ann tráthnóna sin comhartha aimsire mhaithe.
Ma bhíonn an cat ag nighe a aghaidhe sin cómhartha fearthanna agus ma chuireann sé a chos thaire mhullach a chinn sin comhartha go mbéidh fearthainn throm ann,
Ma thig na faoileogaí aníos ón tráigh sin comhartha stuirm.
Ma bhíonn na fainleogaí ag eiteall árd 'san spéir sin comhartha aimsire maithe agus ma bhíonn siad ag eiteall go h-iseal sin comhartha droch aimsire.
Ma bhíonn léar éanach dubh ar an talamh sin comhartha go mbéigh sneachta ag tuitim.
Ma ghnidheann na seileáin a gcuid toighthe(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Ghiolla Bhríghde
- Gender
- Female
- Address
- Ard na gCeapairí, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Ard na gCeapairí, Co. Donegal