School: Doire Beag (roll number 14503)

Location:
Doirí Beaga, Co. Donegal
Teacher:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Beag
  2. XML Page 235
  3. XML “Tomhasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rud dubh idir dhá chnoc, ma bhogann an rud bogfaidh an dá chnoc? fr. asal agus dhá chliabh air.
    Baintear sa choill é ceolfaidh sé sa bhaile mhór agus cosnuigheann sé puntaí do n-a mháighistear? fidil.
    Tá sé chomh bán le bainne, is ní bainne é, tá sé chomh dearg le fuil, 'sní fuil é tá sé chomh dubh le dubhach'sní dubhach é? Sméar dubh.
    Corcan óir lán de fheoil bheo? méaracán.
    Gearrán beag bobailte stabailte donn, shiubhalfadh sé Éire 'sní fhluicfadh sé bonn? Bombán.
    Teach beag dubh dorcha in-éadan na malacha a mheanach ag cainnt is é féin na thost?
    Pota uisge ar an teine agus é ag goil.
    Cé sin anall, nighean Bhillí na mbeann, coinnleóir óir ar bhárr a boise, caol a coise dul fríd a ceann? tuagh.
    Chuaidh mé suas an bothar, is tháinig mé anuas an bothar agus thug mé liom an bothar ar mo dhruim? dréimire.
    Barraile ar an tráigh 'sa dhá' cheann druidte? ubh.
    Tá teach ann, níl doras 'sníl fuinneóg air is é lán bidh. f. ubh
    Tá bean bheag amuigh annsin, í ar an fhranncach cota beag puf, bearrad is planncead? ceirtlín cháil.
    Tháinig fear thart ar an teach is hata air, chuaidh sé a fheadlaigh isteach i bpoll na h-eocrach? gaoth mhór.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish