School: Bun an Inbhir (roll number 5166)

Location:
Bun an Inbhir, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Pháidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 86

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 86

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun an Inbhir
  2. XML Page 86
  3. XML “Ball Dearg Ó Domhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ball Dearg Ó Domhnaill
    Aon uair amháin, lean na Sasanaigh an Dálach amach i mbéal na dtonn, agus nuair a bhí an srúth ag tógail a chapaill ar an t-snáimh, cuireadh buille claidhmhe fríd an chapall. Acht réidhtigh an Dalach é fhéin agus snáimh sé amach go long Spáinneach a bhí ar na cóstaibh ag díol fíona. D'ionnsuigh na Sasanaigh an Caisleán agus nuair a d'éaluigh an méid nar cuireadh 'un báis, tháinig an Taosach agus an captaon ar leanbh ins an (chaisleán) chliabhán. Bhí ball dearg ar ucht an pháiste seo. Nuair a tharraing an captaoin a chlaidheamh le na mharbhughadh, rinne an páiste gáire faoi lonnradh an chlaidhmhe, agus gach uair a dtarnóchadh sé an claidheamh, ghníomh an tachran gáire ar nós is nach leigfeadh a chroidhe do'n t-saighdiúr seo é a chuir 'un báis. "Ní thig liom a dheánamh, arsa seisean, even though, go mairbhfidh me fhéin ar tús." Le sin féin, rinne an taosach a chlaidheamh a tharraingt, acht d'éirigh an cleas ceadna dó-san.
    Rud ná dtig liom féin a dheánamh, ní iarrfaidh mé ar aon dhuine eile a dheánamh," arsa seisean, "fanadh an leanbh beo, acht dheánfaidh muid searbhonta maith de Sheasain do. Glacfaidh mé seilbh ar an chaisleán seo. Tá bean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish