School: Bun an Inbhir (roll number 5166)

Location:
Bun an Inbhir, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Pháidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bun an Inbhir
  2. XML Page 108
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeal
    Chuaidh fear isteach í dtígh óstá oidhche amháin bhí agus cuaidh sé úa luighe í leabhaidh ag taobh lánamhain óg a bí indiaidh a bpósad. Ins a oidhche chuaidh an fear a bhí indiaidh a phósadh a brionglóidí agus dubhairt sé go rabh ocras air. D’eirig sé agus chuaidh sé amach ach cha dteachaidh sé céad slat gur lean an (dan) fear é. Musgal an fear a bhí ag brionglóidí agus shil sé gub é an diabal a bhí ag rith ina dhiaidh. Phill sé agus rit sé go dtí an tígh ósta aríst an méid a bhí ina corp ach bí an diabhal ins na sálaí aige. Chuaidh sé i luighe ag taobh a mná agus túisig sé ag innse do’n mnaoí caidé deirig dó. Chuaidh an fear eile a luighe í leabaidh eile ag a thaobh agus bhí sé ag éisteacht lé gach uile rud sa dtaobh de’n diabhal. Deirig sé agus dinnis sé (sé) do’n fear gurb easean a lean é, agus d’iarr sé easean a cur ar fastód aige. Rinne an fear seo, agus tug leis an buachaill go dtí a teach féin agus cuir sé ar fastódh aige é. (I) Ins an am sin bhí ministir ins an áit agus bhá maith leis an fhear an buachaill cleas a bualad air mar bhual sé air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Fearraide
    Gender
    Male