School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 72

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 72

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 72
  3. XML “Sneachtán Bán”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ubhlaí a raibh an nimh ionntú. Tháinig sí go dtí an teach seo. Chuir sí ceist ar Sneachtán Bán "an gceannóchadh sí ubhlaí" agus dubhairt sí "nach gceannóchadh." Dubhairt sí "bhéarfaidh mé duit gan dadaidh iad," agus thug. An chead greim a bhain sí as an ubhla thuit sí marbh i lár an urláir.
    Nuair a tháinig na daoiní beaga isteach, tháinig siad an ghirseach marbh i lár an urláir. Thoisigh siad a ghabhail duithe acht ní rabh maith ann (?) Rinne siad comhnair ghloine agus chuir siad an girseach isteach inntí. Chuir an bhean ceist ar an ghloine an lá seó, "cé acu is deise indiú." Dubhairt an gloine "tusa is deise indiú." Bhí cuid mhór daoiní ag teacht a amharc ar Sneachtán Bán nuair a bhí sí marbh.
    Aon lá amháin tháinig mac an Rí agus d'iarr sé ar na daoiní beaga "Sneachtán Bán a thabhairt dó." Thug sé fhéin leis í agus nuair a bhí sé ag teacht anuas an cnoc, thuit sé agus thuit an t-ubhla aniar as béal Sneachtán Bán. D'éirigh sí beó arís agus phós sí fhéin agus Mac an Rí. Cé bhí ar an bhainis ach an bhean a thug bás Sneachtán Bán. Chuir na daoiní beaga iarann dearg lé na cosa gur dhóigh siad na cosa
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Muiltín dubh idir dhá chnoc, níl a bhogadh i ndeánfadh an muiltín nach ndeánfadh an dá chnoc bogadh. (Asal agus dhá chliabh uirthí.)
    Muiltín iarainn agus iarball oina air, (Snathad mhór agus snáithe olna inti.)
    Cé tchím chugam fríd an mhóin ach inghean Mhurraí na mBeann, beanglainn óir ar a bois agus caol a coise ina ceann. (Tuaidh.)
    Siúd fríd an fhairrge é scála na gréine, fear agus cóta gorm air agus snáithe dearg ina léinidh. (Tua Cheatha.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
      2. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish