Lán gárradh caoirigh bána agus caora dhearg ina measc "Do chár agus do theangaidh" Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na heochra. "An ghaoth" Ma chumhduigheann crúb ainmhidhthe leath acra talamh, caidé chumhduigheas a iarball. "Tóin" Chuaidh sé thart ar an teach agus an dreibhlin na diaidh. "Chearc agus an t-éilín" Muilín beag amuigh agus céad gamhain aici "An ghealach agus na réulta." Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche. "Bealach mór." Tá rud eighinteacht ingluaisteán agus níl úsáid a bhéith leis, a ní thig leis a ghabhail gan é. "Torman" Barraile ar an tráigh sa dha chionn dhruidte. "Uibh."
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Ólann an Rí fuigheall an chait. Is fearr focal san chúirt nó púnt san sparán. Is glas iad na cnoic i bhfadh uainn. Adhbhar an magaidh ag déanamh magaidh. An té nach ndeán a gnoithe an am bíonn sé na phlé-seam. Is fearr fuigheall brachain nó fuigheall magaidh. Cé bith atá saor caitheamh sé cloch.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »