School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 69

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 69

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 69
  3. XML “Nuair a bhí sé ag teacht fríd an choillidh . . .”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí sé ag teacht fríd an choillidh chonnaic sé an tiarnán coilleadh ag bainnt airgid dó fhear a bhí ag gabhail thart. Bhain siad dó an t-airgead agus d'imthigh siad go dtí teach beag agus las siad solus ann. Thoisigh siad a chunntas an óir agus tcí Bilí iad. Tharraing sé air an fhuinneog agus chonnaic sé iad ag cunntas an óir. Thoisigh sé ag briseadh na fuinneóige. "Coisreacadh Dé orainn" ar siadsan."Seó an diabhal" Chuaidh Bilí isteach agus thug sé leis an tór. go h uile. Bhí sé sáidhbhir ón lá sin go dtí an lá bhfuair sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí girseach ann aon uair amháin agus bhí sí ar shiubhal fríd an choillidh. Tháinig sí teach giota uaithe, agus dar léithe fhéin "go dtiocfadh sí go dtí an teach." "Tháinig."Nuair a chuaidh sí isteach bhí trí bamhail brachain ar an tabhla. Bhí an teach folamh óir ní raibh i nduine astoigh. Chuaidh sí go dtí bamhal fhear an toighe, acht bhí sé ró théith aicí. Chuaidh sí go dtí bamhal bhean an toighe agus bhí sé ró fhuar aicí. Chuaidh sí go dtí bamhal eile a bhí ann agus dól sí é.
    Ná dhiaidh sin chuaidh sí anonn go dtí na caithreacha. Chuaidh sí go dtí cathaoir fhear an toighe, bhí sí ró chruaidh aicí. Chuaidh sí go dtí cathaoir bean an toighe, bhí sí ró bhog aicí. Chuaidh sí go dtí cathaoir eile, thuit sí uirthí agus bhris sí í. Chuaidh sí suas go dtí na leabthacha annsin. Chuaidh sí go dtí leabaidh fhear an toighe agus bhí sí ró chruaidh aicí. Chuaidh sí go dtí leabaidh bhean an toighe agus bhí sí ró bhog aicí. Chuaidh sí go dtí leabaidh eile dó bhí ann agus luigh sí inntí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Antoin 'Ac Suibhne
    Gender
    Male
    Informant
    Seumas 'Ac Suibhne
    Gender
    Male