ceithre gallún dó chuir isteach i gceig na gcúig gallun gan dadaidh agat le é i roinnt ach ceig na dtrí n-gallun, Caide an dóigh a dtiocfadh leat é rannt. Frg. Líonfeá ceig na dtrí gallún chead uair agus chuirfeá isteach i gceig na gcúig gallun é. Líonfeá ceig na dtrí gallún arais agus ní choinneochadh ceig na gcúig n-gallún acht beirt aca. Bhí ceann amháin annsin fágtha i gceig na dtrí ghallun. Annsin dhóirteacha ceig na gcúig n-gallún isteach i gceig na h-ocht n-gallún. Annsin dhóirteacha an gallún a bhí fagtha i gceig na gcúign-gallún isteach i gceig na dtrí n-gallún. Annsin bhí seachtar i gceig na n-ocht n-gallún agus ceann amháin a gceann na gcúig n-gallún. Líonfeá ceig na dtrí gallún amach as ceig na h-ocht ghallún agus doirteacha isteach i gceig na gcuig gallún é. Bhí ceathrar annsin i gceig na gcúig gallún agus ceathrar i gceig na h-ocht ghallún. Cad chuige a dtéigheann an madadh thart trí h-uaire sular dteigh sé a luighe. Mar nach bhfuil fios aige cá bhfuil ceann nó cos na leabtha.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Níor dhruid Dia doras ariamh na bhfoscaladh sé ceann eile. Is féarr rith maith nó droch sheasamh. An té tá gan chéill bíthear ag magadh air. Is fearr go mall nó go bráth. Bíonn súl le muir ach ní bhíonn le h-uaigh. Glan díreach an ród sin an bealach mór i n-aithghiorra.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »