School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 60
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach. (Gaoth Mór.)
beití, beití taobh amuigh de'n chlaidhe, na bain thusa do bheití agus ní bhainfidh beití duit. (Coll Faithche.)
Tomhais orm tomhais ort caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat. (Súithche.)
Chuartaigh mé go bhfuair mé é agus nuair a fuair mé é chaith mé ar shiubhal é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom na bhaile é. (Dealg in dó chois.)
Tcím é is ní fheicim é, tcím ar chnoc na h-aiteanaighe é. Siubhlann sé an bán agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (Bás)
Caidé an rud a gcaithfidh tú giota a bhaint dó le é dhéanamh fada go leor. (Uaigh.)
Fear a rinne é ní chaith sé ariamh é, agus an fear a chaith é ní fhacaidh sé ariamh é. (Culaith báis.)
Rug cearc go leith uibh go leith ina lá go leith, cé mhéid lá a nglacfadh sé cearc amháin sé uibhe a rugaint. (4 lá.)
Bhí ceig ocht ngallún uisce beatha líonta, agus ceig cúig ngallún follamh, agus ceig trí ngallún follamh. Caithfidh(continues on next page)