School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 6

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal
Bhí gasúr beag aon uair amháin agus bhí sé na comhnaidhe ag a uncail agus ag a áintín. Bhí fáthach mor ins an áit agus bhéarfadh sé leis gach rud a gheobhadh sé láimh air. Strócadh sé gach rud agus d'iosfadh sé na daoiní.
Maidín amháin smaointigh sé go gcuirfeadh sé deireadh leis an fháthach. D'éirigh sé agus thug sé leis piocaid agus spáid agus d'imthigh leis go dtí teach an fhathaigh. Nuair a bhí an gasúr céad slath uadh an Chaisleán, d'fhoscail sé poll domhain agus chuir sé crainn i mullach an phoill sa dóigh nach n aithneochadh sé go rabh poll ar bith ann.
Chuaidh an gasúr suas go dtí an caisleán agus rinne sé torman mór ag an gheafta. Mhothuigh an fáthach an torman agus amach leis. D'imthigh an gasúr i bhfolach. Nuair a chuaidh an fathach a chuartughadh ní rabh sé le faghail shíos nó shuas aige. Shiubhail sé leis agus char mhothuigh sé go dteachaidh sé isteach sa pholl. Ní raibh sé ábalta fághail amach as, agus ní dhearn an gasúr acht buille de'n phiocaid a thabhairt dó agus é a mharbhughadh

Tomhaiseannaí
Gearán beag bobailte trigailte donn, siubhlann sé Éirinn is ní fhliuchann é bonn "Leitir"
Dha pinginn isteach chun t-siopa liom, caidé an rud is éadtrom a bheidheas liom amach "Stampa"
Muiltín iarainn agus earball oluinn air.
"Snáthad mhór agus snáithe olna (?)

Collector
Maighread Ní Cholla
Gender
female
Informant
Nóra Ní Cholla
Gender
female
Language
Irish