School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 5

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 5

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 5
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Urnaí Logha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh fear na coilleadh bhaint slatacha, an méid a bhain sé chaith sé uadh iad, agus an méid nár bhain sé, bhí said leis na bhaile.
    “Fear ag baint féasóige dó fhéin.
    Cuartaigh mé agus chuartaigh mé é, agus nuair a fuair mé é, chaith mé uaim é.
    “Dealg an do chois.”
    Gearán beag bobailte, trigailte donn, siubhlann sé Éire agus ní fhliuchann sé bonn. “Leitir.
    Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat. “Súithche.
    Comh h Ard le balla, comh milis le mil, comh bán le bainne, comh dearg le fuil. “Ubhla.”
    Tarann sé isteach ar dhruim na ndaoiní agus téigheann sé amach go mín le síoda. “Móin.”
    Bíonn sé amuig agus bíonn sé astoigh agus dhá céad suil air. “Rideal.”
    Ceathrar na rith, ceathrar ar crith, beirt ag déanamh eolais agus seoidín ar deireadh. “Bó.”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. A Íosa dean trocaire orm.
    Go ngrádhuighthear croidhe naomhtha Íosa an gach áit
    A Íosa atá ceannsa agus umhal ar gcroidhe dean mo croidhe sa cosamhail le dó chroidhe sa.
    A Íosa mo Dhia, grádhaim tú ós cionn gach uile nídh.
    A chroidhe ró mhilis Íosa iompuighim ort, leig damh tú a ghrádhughadh níos mó agus níos mó.
    Ó mo Thighearna agus mo Dhia.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Ruaidhrí Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Informant
    Maighread Nic Suibhne
    Gender
    Female