(continued from previous page)
Nuair a bhí achan rud socair suaimhneach ann sin d'eirigh an cat ó thaobh na teineadh síos leis (?) leis an tabla a rabh na fir na suidhe aige agus chonnaic sé an buideál briste 'na ghiotaibh agus braon biotáilte ar thóin an bhuideál. "Tá liom anois arsa'n cat. Bhruigh sé an giota de'n bhuideál a rabh an biotáilte ann lé ná chrúbaibh anonn go dtí béal an phoill a rabh nead na luchóige ann, gan aon deór a dórtadh(?) , annsin phill sé, luigh ag taobh na teineadh agus (?lig air) go rabh sé na chodhladh.
Ní rabh tormán dé seort ar bith le mochthail sa teach. Chuir an luchóg a ceann amach as an pholl agus dhearc sí thart fá dtaobh daoithe. Chonnaic sí an cat na luighe suas ag an teinidh agus shíl sí go rabh sé na chodhladh, agus chonnaic sí tóin an buideal fosta. Léim sí aníos as an pholl. Ba mhaith léithe fios a bheith aicí caidé bhí san bhuideál. Chuir sí a teanga ann, bhlas é agus bhí sé maith. Ligh sí a puisiní le na teangaidh, annsin d'ól sí braon eile. Dhearc sí suas ar an chat, ach ní rabh aird aicí ar an chat. Ní rabh an cat ábalta bréith uirthí-sé, , d'ól sí braon eile de'n bhiotailte, agus nuiar a bhí sin deánta ní rabh an luchóg ar an bhaile ion-churtha(?) léithe, nó an cat ar an bhaile a thiocfadh leis breith uirthí d'ól sí braon eile agus d'amharc sí
(ar lean ar ltch 37)
(continues on next page)