School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 4

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sean Fhocail
An té tá bréagach tá sé bradach.
An té is lúgha céill is coir a réir ar dtús.
An té tá buadhartha bionn sé ag bogadaigh.
An té nach ndeán a ghnoithe an am bíonn sé na phlé-sea
An té nach gcuireann san Earrach ní bhainfidh sé san Fhoghmhar.
Olann an Righ fuigheallach an chait.
Cé bith atá saor caitheamh sé cloch.
Is fear fuigheall brachain ná fuigheall (brach) magaidh.
Is Rí gach duine ar a thoil féin.
Is fearr focal san chúirt nó púnt san sparán.
Is fearr uaigneas maith nó droch chuideachta.
An té nach bfuil ciall aige bhéarfaidh an saoghal ciall dó.
Cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnaidhe é.
Is cuma caidé comh fada an fad atá san lá tiocfaidh an oíche.
Ma’s olc maol is measa mullach.
Ní buan cogadh na gcarad.
Binn,béal na thost.
Sé Dia an fear is fearr.
Imthigheann na daoiní acht fanann na cnuic.
Níl san t-saoghal ach gaoth agus toit.

Lán gáradh caoirig bána agus caora dhearg ina measc.
Cár is teangaidh.
Tomhais orm, tomhais ort, caide’n dealg a chuir brighid sa bhrat
suite.
Tá sé thall a’s i bhfas, agus ní luaithe thall no i bhfus é. “Timire Teallaidhe.

(continues on next page)
Collector
Ruaidhrí Mac Suibhne
Gender
male
Informant
Maighread Nic Suibhne
Gender
female
Language
Irish