School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 38
- XML “Scéal”
- XML “Seán Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imthigh an cailín léithe amach as an teach ag dul a dh'amharc ar an eallach agus tháinig sí poll b(?) bhealach mór. Tháinig sí breac beag ag leimnigh ins an pholl. Thuit sí isteach sa pholl agus báitheadh í agus ní bhfuarthas í ón lá sin go dtí an lá indiu.
- Bhí gasúr ann aon uair amháin. Bhí sé ina chomhnuidhe ag a mhathair. Ní rabh cleachtadh aige ar obar a dhéanamh. Bhí a mhathair iongantach bocht agus cha rabh a dhath acu le h-ithe.
Lá amháin dubhairt sé lé na mhathair go rabh sé gabhail a obar agus go mbeadh said saidhbhir (?)
Séan a bhí ar an ghasúr seo. Chuaidh sé a obar an lá seo, agus fuair sé pinghinn tráthnóna, thug sé leis ina laimh é, agus chaill sé é.
D'innis sé dó na mhathair caidé d'éirigh dó agus dubhairt a mhathair leis gur ceart dó an phinghinn a chuir ina phóca. Dubhairt seisean go ndeánfadh sé sin feasta.
An dara lá a bhí sé ag obar fuair sé pigín bainne agus chuir sé an pigín ina phóca agus dhóirt sé é. Dubhairt a mhathair leis gur cheart dón pigín a thabhairt leis ar a cheann agus greim a choinneál air lé ná dhá láimh. Dubhairt Séan go ndeanfadh sé sin feasta.(continues on next page)