School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 37
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ir an chat, síleann tú go bhfuil tú cliste ach níl tú comh cliste liom sa. Ní rabh tú ábalta bréith ariamh orm agus ní bhéidh go brath. An bhfuil tú deanamh go bhfuil eagla orm sa romhat, tar aníos agus beir orm ma tá tú ábalta(?) Rachfaidh mé comgaraigh duit agus ní tig leat bréith orm.
    Lé sin thug an cat léim oirthí agus fuair sí greim oirthí. Comh luath agus bheir an cat oirthí táinig sí chucha fhéin. Leig liom an iarraidh seo é agus ní ólfaidh mé ndeór lé mó saoghal, tá fhios agam fhéin nach n-olann arsa'n cat agus d'ith sé í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí girseach ann aon uair amháin agus bhí sí na comhnuidhe ag a máthair. Lá amháin dúirt sí le na máthair go rabh sí ag dul síos go dtí an pháirc go bhfeicfeadh sí teach a mathair mór. Maith go leór a dubhairt an mhathair , d'imigh sí léithe.
    Chuaidh sí giota agus tháinig sí teach mór árd, smaointigh sí go rachfadh sí go dtí an teach mór árd agus bhí eagla uirthí dhul go dtí an teach agus ní rachfadh sí ar chor ar bith agus d'imthigh sí léithe na bhaile. Chuir an mháthair ceist uirthí ca rabh sí, dubhairt sí go rabh sí síos tríd an pháirc agus go bhfacaidh sí teach mór árd agus go dteachaidh sí go dtí é agus go rabh eagla uirthi dhul isteach agus gur phill sí na bhaile arís. Nuair a chuaidh an cailín na bhaile d'iarr a mathair uirthí a dhul a amharc ar a cuid eallaighe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish