Bairille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte. (uibh)
Chuartaigh mé go bhfuair mé, agus nuair a fuair mé chaith mé ar shiubhal mé, agus nuair nach bhfuair(?) mé é, thug mé liom ná bhaile é. (dealg in dó chois)
Chuaidh sé thart ar an teach, agus isteach i bpoll na h-eochrach. (gaoth)
Tcím é, is ní fheicim é, tcím ar chnoc na h-aiteanaighe é, siubhlann sé an bán agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (bás.)
Siúd thart ar an teach é, agus an dreibhlín ina diaidh. (chearc agus ná h-éanacha)
Go h-árd lé balla, go milis lé mil, go bán lé bainne agus go dearg lé fuil. (ubhla.)
Tá sé amuigh, tá sé istoigh, tá sé ina shuidhe sa chlúduigh agus dhá chéad súl air. (reidil.)
Chuaidh mé amach idir dhá chnoc, agus isteach eadar dhá uisce. (bean agus gabha uisce léithe.)
Chuaidh mé suas air, tháinig mé anuas air, agus thug mé liom ar mó dhruim é. (dréimire)
Chuaidh mé isteach i siopa lé dhá phinghinn, caidé an rud ba éadtroma bheadh amach liom. (stampa)
Chaith mé rud geal suas ins an aer, agus tháinig sé anuas buidhe. (uibh.)
Dá gcaillfinn sá leath choróin agus í fhághail, caidé dhéanfainn nuair a gheobhainn í. (stad a cuartughadh)
Rug cearc go leith, ubh go leith ina lá go leith, cé mhéid lá ghlacadh sé cearc amháin sé uibhe a rugadh, (?)
Corcán óir lán de fheoil bheo. (méaracán)
Tháinig sé isteach ar dhroim na ndaoine agus chuaidh sé amach chomh mín lé síoda. (móin.)
Bog, bog idir dhá bhog, bog thusa bog aca, agus bogaidh an dhá bhog. (asal is péire feadhnógaí)
Má chumhduigheann crúb elephant leath acra tallamh, caidé chumhdóchadh an ruball (tóin)
(continues on next page)