School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 3

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 3

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 3
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus bhí mo ghar athair i dtólamh ag cainnt ar an ailse a d’imthig dó mo liobar. Nuair a bhí an dinnéar thart, dubhairt mo ghar athair go raibh sé ag gabhail na bhaile. Thug an sagart dhá choinín dó agus punta tae agus d’iarr sé air seo a thabhairt dó Mhaighread agus iarraidh uirthi gan é a mhilleadh mar rinne sí an lá deidheannach. Tháinig mo ghar athair na bhaile agus rinne sé mar d’iarr an sagart air. Seó dha choinín agus punta tae a chuir an sagart aníos chugat, agus d’iarr sé ort gan é a mhilleadh mar a rinne tú an lá deidheannach. “Is minic a chualaidh mé ariamh” arsa Maigread “gur fearr an súgha nó ceathramha dé’n fheóil.” Ó dar fiadh a Mhaighreaid tá scéal nuaidh agam, chuir an sagart an ailse a bhí ar mo liobar isteach i mbinn Thorruigh.” Bhí lúthgháir mór ar Maigread. “ Tá an lá leat” ar sise.
    Tháinig an sagart aníos Dia hAoine na dhiaidh agus d’imthig mó gar athair agus an sagart a sheilg. Arsa an sagart le Maighread sul ar imthigh sé “ bruith an t uisce agus dheanfaidh mé fhein an tae”. Ghlan sí na preátaí agus sgríob sí iad ar chloich gharbh a bhí ag tóin an toighe agus rinne sí arán dó ná preataí sgríobtha fá choinne an t-sagairt. Nuair a tháinig mo ghar athair agus an sagart as an chnoc thug sí aníos an stól agus d’fág sí an tarán agus an tim ar an stól. Thug sí an seáspan d’ón t-sagart agus rinne sé réidh an tae.
    Dubhairt sé le Maigread “ beidh tú fhéin ábálta tae a dheánamh feasta”. Nuair a bí an tae réid, Suidhe an sagart ar cheann an stóil, agus Eóin ar an cheann eile agus d’ith said sáith bhreágh. Nuair a bhí an biadh thart, d’imthigh an sagart na bhaile agus bhí Maigread ábalta tae a dheanamh réidh ó sin amach. Bí Eóin beó go raibh sé ceithre scór agus dhá bliadhain, agus bí Máighread céad ach dá bliadhain nuair a fuair sí bás. Bhí aois mór ag na daoiní san t-sean am mar ní rabh said ag ól morán tae.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Ruaidhrí Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Informant
    Maighread Nic Suibhne
    Gender
    Female