School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 27

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 27

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 27
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siad isteach, ní raibh duine ar bith istoigh, acht solas beag ag dóghadh agus pota uisce theith ag taobh na teineadh. Chuaidh siad uilig isteach acht an gandal. D'fhan seisean amuigh sá charnaoiligh agus chuaigh an coileach suas ar an arbh, an bhollóg i gceann an toighe , an gabhar i lár an urláir, an madadh siar faoi an leabaidh, agus an cat ar bhárr na leabtha. Nuair a bhí sé tamall beag san oidhche agus nach dtáinig duine ar bith isteach, chuaidh an gasúr a luidhe sá leabaidh. Ach goidé a bhí anseo dá bharamhal ach teach tighearna coilleadh agus bhí siad amuigh ag cur i bhfolach an airgid.
    Ní raibh an gasúr i bhfad na luidhe nuair a tháinig fear isteach a dhéanamh réidh a gcuid. Ní raibh seisean i bhfad istoigh nuair a chonnaic sé an fear sa leabaidh. Chuaidh sé lé léim siar ar bhárr ná leabtha fá choinne an ghunna agus scríob an coileach é. Tháinig eagla air annsin agus léim sé anuas. Tháinig an madadh aniar as faoi an leabaidh annsin agus chuir sé a ruball síos i bpota an uisce theith, bhuail sé isteach san aghaidh air (?)agus sgall sé é.
    Chuaidh sé síos an t-urlár annsin agus tháinig an gabhar lé buille (?) amháin air agus chaith sé síos go bun an urláir é. Bhí an bhollóg shíos annsin roimhe agus chaith sí aníos arís é. Bhí an coileach shuas ar an arbh, agus scairt sé amach "Caith suas agamsa é" Thug an fear eile iarraidh ar an doras annsin agus bhí an ganndal amuigh roimhe. Leag sé fríd an aoileach é agus shaluigh sé uilig é. Rath sé síos ag an mhuinntir eile annsin, agus arsa seisean le0, "Níl maith dúinn a ghabhail chomhair an toighe feasta, nó tá an scaifte ann is mó a chonnaic tú ariamh. Nuair a chuaidh mise isteach, bhí fear ná luidhe sa leabaidh. Chuir mé mo lámh siar ar bhárr na leabtha fá choinne an ghunna, agus bhí fear eile shiar agus scríob sé uilig mé. Léim mé anuas annsin, ach tháinig fear eile aniar as faoi an leabaidh le scuab agus sgall sé mé. Chuaidh mé síos an t-urlár annsin, tháinig fear eile orm annsin, agus chaith sé síos go bun an urláir mé. Bhí fear eile shíos agus chaith sé aníos mé. Bhí fear eile shuas fá na creataí, agus ar seisean caith suas agamsa é. Thug mé iarraidh ar an doras annsin, ach casadh fear eile sa charnaoiligh orm agus leag sé agus shalaigh sé uilig mé." Nuair a bhí an scéal innste aige do'n tighearna coilleadh, cé a chonnaic siad ag teacht acht an gasúr agus ná h-ainmhidhthe uilig ná dhiaidh. Níor fhan duine ar bith leo,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0130: The Animals in Night Quarters
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Informant
    Conall 'Ac Domhnaill
    Gender
    Male