School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 25

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 25

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 25
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Adhbhar an mhagaidh ag deunamh magaidh.
    Cé bith atá saor caitheadh sé cloch. Is fearr fuigheall bracháin ná fuigheall magaidh.
    An té nach ndéan i ghnoithe in am, beidh sé ná phlé-seam.
    Nuair a imthigheas an cat, bíonn cead rinnce ag na luchógaí.
    Is minic a loit beathach álta beathach uasal.
    Ní tháinig ariamh an meadhar mór, nach dtiocfadh ná dhiaidh an dubh-bhrón.
    Is fearr focal sa chúirt ná púnt sa spárán.
    Is glas iad na cnuic i bhfad uainn. Níor dhruid Dia doras ariamh ná bhfosclódh sé ceann eile.
    Is fearr uaigneas maith ná droch chuideachta.
    An rud a shíleas duine bheith ná aimhleas b'fhéidir gurbh é a leas uilig iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach. (gaoth)
    Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche. (bealach mór)
    Gáraidh caoirigh bána agus caora dhearg ina measc. (dó chár agus do theangaidh)
    Bhí fear ag siubhal an bealach mór lá. Casadh beirt bhan air agus páiste le gach duine aca. Chuir siad ceist air "Ar casadh dhá fhear ar bith dó. Dúirt sé gur casadh."Bhall" ar siad-san, "sin ar gcuid fear inne agus ar naithreachaibh inne agus aithreacha ná bpáistí agus aithreacha móra na bpáistí." Caidé an gaol a bhí aca dó chéile.
    Frg: Dhá fhear dó bhí ionntú agus bhí siad pósta ach fuair a gcuid mná bás. Bhí dhá n-inghean aca, n-inghean ag achan fhear. Phós achan fhear aca n-inghean an fhir eile.
    Tá baraille ocht ngallún ag fear agus tá sé lán uisce. Caithfidh tú dhá leath cothrom a dhéanamh dó. Níl miosúr ar bith agat lé na thomhais ach soitheach trí ngallún, agus soitheach chúig ngallún. Caidé mar thig leat dhá leath a dhéanamh dó.
    Frg: líonfaidh tú ná trí ghallún amach as ná h-ocht ngallún, agus doirteochaidh tú isteach é i soitheach ná gcúig ngallún. Líonfaidh tú ná trí ngallún as an bharaille aríst agus líonfaidh tú soitheach na gcúig ngallún, agus béidh ceann amháin fágtha i soitheach na trí ngallún. Annsin d'óirteochaidh tú ná cúig ghallún isteach san bhairille. Cuirfidh tú an gallún atá fágtha isteach an soitheach ná gcúig ngallún. Líonfaidh tú na trí ghallún aríst agus dóirteochaidhe tú isteach i gcuideachta an ghallúin eile iad. Beidh ceathrar ins gach bairille annsin.
    Muiltín iarainn agus iarball olainn air. (snathad mhór agus snáithe olna inntí)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cholla
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Cholla
    Gender
    Female