School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 24

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 24

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 24
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Muire, nach h-ith feoil Ceadaoin ar bhréag gan tinneas, Éist Aifreann Dé agus beidh (??) Críochnuigh cos na n-Aingeal.
    3. Bhí Muire sá Mac ag siubhal amuigh sá lá, agus tharluigh daobhtha Pearsa Beannuigh ins an ród agus shín sé daobhtha Scaball breagh ná mBrainnsí óir. Níl aon duine i n-iomochaidhe (?) é sa ród mar is cóir nach mbeidh séal agam ar a anam ins an Ghlóir. A Mhuire ná Gile sá Bhainrioghan ná Glóire, is tusa an riaghal t-solais a bhíos ag gabhail róim (?) beanna mó chuir ar an eolas go Pobal ná h-Aithrighe in áit a siltear ná deora.
    4. Urnaighe tar éis ghabhail a luighe duit
    Síntear mé san leabaidh seo, má shíntear mé san uaigh, ghním Faoisidín le mac Dé (?) ná codlata as smaointe an chraobh. Ó a Dhia is mé an duine lochtach, ní gheallaim duit (?) fhoghluim duit A Mháthair Íosa suidh ag mó cheann, Eoin Baiste, Naomh Easbol suidh ag mo bhonn go dtéigh ola Chríost ar m'anam dílis a cheannsuigh Íosa ar an chrann.
    5. Fáilte romhat a Righ an Domhnaigh, fáilte romhat a mhic ná h-Óire gile, fáilte roimh na trí h-Aingle is sinne agus is óige ins na Flaithis mar ndúil go mbéadh siad ná (?) ag m'anam anois agus ag uair mó bháis. Amén.
    6. Caithidh mé bás fhághail, níl fhios agam cé an uair, cé an áit, nó caidé an dóigh ach mó fhághaim bás i bpeacadh marbhtha, beidh mé caillte go deo. Ó a Íosa déan trócaire ar mó anam.
    7. Ceithre cóirneal na leabtha seo. ceithre h-aingle go raibh annsin,Dia go raibh amuigh, Dia go raibh istoigh, Dia go raibh gach uile áit fán teach. Dia má thig dadaidh orm san oidhche, Dia muscail mé (?) cuidigh liom anois agus ar uair mo bháis. Amén.
    8. "Rinne mé aisling ort aréir a Mhic," "Caidé an aisling í a mháthair" "Tá go raibh tusa le (?)is lé spóladh is lé ceangal ar ná cúig rópa caola, chruaidhe, cnáibe ar mhullach an chnuic thall, clé neimhe fríd dó chroidhe, Corán spíona ar dó cheann agus dó chuid fola fríd uais(?) agus tuitim ar leacachaibh ná sráide" " Is maith an aisling í a mháthair, níl aon duine a ndéarthas í trí ins ná ceithre h-uaire fichid. ní heagal daobhtha Ifreann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.