School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 23

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 23

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 23
  3. XML “Máirín Baibín”
  4. XML “Oíche na Marbh”
  5. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus chuir sí ná ribíní ar an triúr aca fhéin. D'éirigh an fathach go luath ar maidín agus mharbhuigh sé a thrí n-inghin fhéin, mar shíl sé gur an triúr eile a bhí ann. D'éirigh Máire annsin agus d'imthigh sí fhéin agus a dhá deirbhshiúr leo. "Tá tú thall annsin a Mháire Baibín" arsa an fathach. "Tá go díreach" arsa Máire Baibín. "Mharbh tú mó thrí n-ingheanach" arsa fathach léithe. " Ní mharbhuigh" arsa Máire "ach mharbhuigh tú fhéin iad a ghaduidhe cáidheach."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Oidhche na Marbh
    1. Bá eadh an gnás a bhí ag ná sean daoiní fadó, teinidh mhór a chur síos, an t-urlár a scuabadh agus pota bruightín a fhágail cois na teineadh agus spúnóg a shathadh ann, fá choinne na mairbh. Ar maidín lá thar ná bhárach ag éirigh dobhtha bhíodh an pota folamh.
    2. Bhíodh gnás eile acu fad ó shoin fosta. Gach Oidhche Shamhna rachadh cailín óg as gach teach amach go gáradh an cháil. Bhéarfadh siad leobhtha cúpla ceirtlinn isteach an toighe. Chrochadh siad anuas as na creataí iad. Cé bith an chead fhear a thiocfadh isteach an toighe an oidhche sin, sin an fear a bheadh aicí lé pósadh.
    3. Gach Oidhche Fhéil Eoin fad ó shoin bá ghnáth leis na sean-daoiní teinidh mhór a chur amach in onóir Eoin Baiste. Bhéadh siad uilig cruinnighthe thart ar an teinidh ag Urnaighe. Nuair a bhéadh siad ag imtheacht ná bhaile, bhéarfadh duine as gach teach leis smután dearg amach as an teinidh. Rachadh sé thart ar a chuid talamh uilig leis, D'eurfaidhe annsin go raibh an talamh sin Beannaighthe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cholla
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Cholla
    Gender
    Female
  3. 1. Bhí mé ag siubhal ar thalamh Beannuigh, thárla damh an Mhaighdean Bheannuigh, seacht leabhar urnaighe ina lámh, seacht gcoinnle lasta ar achan taobh, seacht sagart a léigheamh, seacht gclog (?)a bualadh, Geaftaidhe ná bhFlaitheas a bhfoscladh, agus dorsacha Ifrinn a dhruid.
    2. Gcluinnsibh mise a lucht na Scaball, ná déanaigidh faillighe in bhur gcás. Is mairg a bios gan caraid ná luighe ar leabaidh an bháis. A dhuine bhocht gan chéill ná dean bréag lé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.