Tarann sé isteach ar dhruim na ndaoine agus amach go mín le síoda. (móin.) Tcím é 'sní fheicim é, tcím idir cuileann é, tarann sé leis fhéin agus ní imthigheann sé gan cuidheachta. (bás.) Chuaidh mé suas air, tháinig mé anuas air, agus thug mé liom ar mó dhruim é. (dréimire.) Chuaidh sí suas eadar dhá chnoc, agus tháinig sí anuas eadar dhá uisce. (bean agus dhá ghabh uisce léithe.) Tcím é agus ní fheicim é, tcím eadar cuileann é, siubhlann sé an bán agus an drúcht, agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (bás)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí bean ann uair amháin, agus triúr n'ingheanach aicí. Bhí beirt aca iongantach dóigheabhal agus bhí an bhean eile iongantach gránda. Áit ar bith a rachadh an bheirt dhóigheamhal leanfadh an bhean ghránda iad. Lá amháin tháinig an bheirt acu isteach ag ná máthair agus d'iarr siad uirthí tuirtín a dhéanamh daobhtha nó go raibh siad ag imtheacht. Rinne an mháthair amhlaidh agus d'imthigh an bheirt acu leo. Chá raibh siad i bhfad ar shibhal nuair a tháinig Máire isteach agus chuir ceist ar a máthair cá dteachaidh an bheirt eile. Dubhairt an mháthair léithe gur chuir sise ar shiubhal iad ná go raibh sí ná ndiaidh achan áit a rachadh siad. D'iarr sí ar an mháthair annsin tuirtín a dhéanamh daoithe ná go raibh sise ag imtheacht fosta. Rinne an mháthair an tuirtín agus d'imthigh sí léithe. Shiubhal sí léithe go gasta nó go bhfuair sí suas leis an bheirt eile. Thoisigh siad a cur ná bhaile ach ní rachadh sí daobhtha. Shiubhal an triúr aca leo annsin nó go raibh neoin bheag agus deireadh an lae ann, agus chuaidh siad isteach i dteach an áit a raibh fathach mór. Bhí beirt chailín anseo fosta, agus cailín gránda. Nuair a tháinig am luighe ann, chuir an fathach trí ribín ghlasa ar a thrí n-ingheanach fhéin agus chuir sé deireadh ná luighe i leabaidh amháin. Lár na h-oidhche nuair a bhí deireadh ná gcodladh, d'éirigh Máire
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »