School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 18
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh bean amach idir dhá chnoc, agus isteach idir dhá uisce. (Bean agus dhá bhuceid uisce léithe.)
    Chuaidh sé suas bán agus tháinig sé anuas buidhe. (uibh)
    Caidé rachas suas nuair thiocfas an fhearthainn anuas. (scath fearthanna)
    Teidheann sé anonn thar sáile, agus anall a mála, agus níl bliadhain ar bith nach mbaintear lumairt dó. (líon)
    Gearán beag babailte, stabailte donn, siubhalann sé Éirinn 'sní fhliuchann sé bonn. (beathóg)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Tá mé mo shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir ...

    1.
    Tá mé mó shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir
    Ag cur teineadh síos arís a feadadh go geur
    Tá bunadh an toighe na luidhe, as tá mise liom fhéin
    Tá na coiligh ag glaodh, as tán tír ná gcodladh ach mé.
    2.
    Casadh bean sidhe damh síos ag atha bheul an atha
    As d'iafruigh mé díthe rabh nídh ar bith sgaoileadh a grádh
    Labhair sí go caoibheamhal, aoibheamhal, subhailce ar mhnáibh
    'S má théidh sé fán chroidhe, ní dóigh go scaoilfear go brathach.
    3.
    Ag buachailleacht bó, ní dóigh gur chleacht mé ariamh é.
    Ach ag imirt's ag ól le h-óig mhnáibh deasa fá shliabh
    Má chaill mé mo stoir, ní dóigh gur chaill mé mó chiall
    'S ní mó liom do phóg nán bhróg tá caitheadh lé bliadhain.
    4.
    Más buachaill ón Éirne meas bhreugfainn mo chailín deas óg.
    Ní iarrfainn bó spré uirthi, tá mé fhéin saidhbhir gó leor.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Meadhbha Nic Suibhne
    Gender
    Female
    Informant
    Maighread Nic Suibhne
    Gender
    Female