School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 16

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Pálás an Ríogh. Bhí n-inghean ag an Ríogh agus bhí sí bodhar ó rugadh í. Bhí sí le biseach fhághail nuair a bhainfeadh duine ar bith gáire aistí. Bhí sí ag amharc amach ar an fhuinneoig nuair a chonaic sí Seán ag gabhail thart agus an asal ar a dhruim leis. Thoisigh sí a gháiridhe. Fuair sí biseach nuair a fuair sí a gáire.
Bhí lúthgháir mhór ar an Ríogh, nuair a fuair a n-inghean biseach. Sgairt sé ar Sheán agus thug sé ór agus airgead dó. Pósadh Seán ar n-inghean an Ríogh, agus bhí dóigh (?) air ó sin amach.

Is rí gach duine ar a thoil fhéin.
A bhfad ó mó dhaoine eadar da dtír, a chara ná smaointigh má fhágail.
Ní thig eolas gan aon toigheas.
An té a bíos buaidheartha, bidh sé ag bogadaigh.
An té a bhíos gan chéill, bidh sé ag magadh air.
Ní buan cogadh ná gcarad.
Ní tháinig riamh an meadhar mór, nach dtiocfadh ná dhiaidh an dubh bhrón.
Is maol gual gan dearbhráthair.
Is minic a loit beathach álta beathach uasal.
Gach éan mar oiltear é.
Cé bith ar treise leis lann, bíodh aige an gadhar bán sá fiadh.
Más feall tillfidh.
Is fearr uaigneas maith ná droch chuideachta.
Níor dhruid Dia doras ariamh nach bhfoscladh sé ceann eile.
Is fearr focal sa chúirt, ná púnt sá sparán.
Is binn béal ná thost.
Is maith an té a ghnidheas a ghnoithe dó fhéin.
An té is lugha céill, is cóir a rogha a chead uair.
Éan tsúil amháin i gcionn duine is cuma é ann nó as.

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Dhubhgáin
Gender
female
Informant
Padruig 'Ac Gallchobhair
Gender
male
Language
Irish