School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 15
  3. XML “Scéal Sheáin Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gasúr ann aon uair amháin. Bhí sé ná chomhnuidhe ag a mháthair. Ní raibh cleachtughadh aige a dhath oibre a dhéanamh. Bhí a mháthair iongantach bocht agus chá raibh a dhath aicí lé h-ithe. Dubhairt sé le na mháthair lá amháin go raibh sé ag gabhail a dh'obair agus go mbéadh siad saibhir go fóill.
    Seán a bhí ar an ghasúr seo, chuaidh sé a dh'obair an lá sin. (?) an tráthnóna fuair sé pinghinn, thug sé leis ina láimh í, agus chaill sé í.
    D'innis sé dó ná mháthair caidé d'éirigh dó, agus dubhairt sí leis gur cheart dó an phinghinn a chur ina phóca. Dubhairt sé go ndéanfadh sé sin an dara h-uair.
    An dara lá bhí sé ag obair agus fuair sé pigín bainne ; chuir sé ina phóca é agus dhóirt sé é. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an pigín a thabhairt leis ar a cheann, agus greim a chongbhail air lé ná dhá láimh. Dubhairt Seán go ndéanfadh sé sin an dara lá.
    An dara lá bhí sé ag obair fuair sé cat, agus chuir sé an cat ar a chionn. Scríob agus stróc an cat é agus bhí an fhuil ag rith ina shúilibh. Seo an rud a d'iarr mo mháthair orm a dhéanamh ar seisean.
    Nuair a tháinig 'un a bhaile, bhí sé uilig stróctha ag an chat. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó córda chur ar an chat agus é tharraingt ina dhiaidh.
    Dubhairt seisean go ndéanfadh sé sin an dara lá. An dara lá bhí sé ag obair ag búisteoir, agus thug an búisteoir píosa mór feola dó. Chuir sé córda ar an fheoil agus tharraing na dhiaidh í. Nuair a tháinig sé ná bhaile, d'innis sé dó ná mháthair go raibh feoil leis chuicí. Bhí lúthgháir mhór ar a mháthair nuair a chuala sí go raibh feoil leis, nó bfada a bhí sé roimhe ó d'ith sí a dhath feola. Acht bhí an fheoil chomh salach sin gurbh éigin dí a caitheadh amach. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an fheoil a chur ar a dhruim. Dubhairt Seán go ndéanfadh sé sin an dara lá.
    An dara lá bhí sé ag obair fuair sé asal, agus chuir sé ar a dhruim í. Seo an rud a d'iarr mó mháthair orm a dhéanamh ar seisean. Bhí sé ag gabhail thart ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhubhgáin
    Gender
    Female
    Informant
    Padruig 'Ac Gallchobhair
    Gender
    Male