School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 14

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ba gnathach leó a rádh fad ó shoin dá bhfeicfeá dreasóg agus an dá ceann ag fás aicí gath ar a d'iarrfad go bfuighfea é.

(no title)

Tá daoiní ann a ceangluidheann bratóg ...

Tá daoiní ann aceangluidheann bratóg dé muineál a gcuid eallaidh ar eagla go ndeánfadh duine ar bith droch amharc orrtha.

Collector
Maighread Nic Suibhne
Gender
female
Informant
Máire Nic Suibhne
Gender
female
Language
Irish

Fad o shoin nuair a biodh lanamhain lé pósadh ní siubhalfadh siad leó fhéin idir dáil agus pósadh ar eagla go mbuailfeadh na daoiní beaga bab orrtha.

Bí bean ann uair amháin agus is cuma cé’n uair a bualfadh sí bainne ní bhfaigheadh sí gath ar bith ime ar bhfiú tracht air. Ach i gcomhnaidhe nuair a rachadh sí a bualadh thiocfadh bean dé na comharsa isteach agus suidhfeadh sí sa clúdaigh ag comhrádh léite agus nuair a bhéadh an bainne buailte d’imtheochadh sí leithe na bhaile. Táinig fear bocht thart lá amháin agus thug sé comhairle do’n bhean a bhí ag cailleadh a cuid ime.
An dara lá a cuaidh an bhean a bhuaileadh a cuid
(Ar lean ltch 53)