School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 13

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ann fadó agus bhí cumhacht aicí giarrfiadh peisreog a dheánamh dí fhéin agus ní raibh cú ar bith ábalta greim a fhághail oirrthí agus ba ghnatach leithe a bhéith ag diúl ar an eallach ins na pairceanna. Bí fear amuigh ag seilg lá amhain agus tháinig an cú ar an giarrfhiadh seo ag diubhal ar an eallach. Leig sé an cú na d'iaidh as nuair a bhí sé ag gabhail thart ag teach a bhí ann damharc sé isteach ar an fhuinneóg agus caidé teí sé astoigh ach an bhean seo agus í na suidhe ans an clúdaig agus sruthan fola ag gabhail amach istí síos an turlár

(no title)

Bhí fear amuigh ag seilg lá amhain agus mhothuigh sé callán ...

Bhí fear amuigh ag seilg lá amhain agus mothuigh sé callán astoigh an sruthán giota uath. Tháinig sé fhad leis an tsruthán agus teidh sé bean astoigh ans an tsrután agus sean sguab aicí agus í ag bogadaigh aniar 'gus siar fríd an uisge leis an sguab. Sheasuigh sé ós a cionn agus d'amharc sé síos uirrtí. Chaith sé cloch isteach san uisge agus d'amharc sí suas air. Thug sí iarraidh imteacht ach scaoil an fear urchár ans an uisge. D'iafruigh sé dí caidé bí sí a deánamh. D'amharc sí suas air agus dubairt. "Geallaim do dhia nach ndeánaim i gath pisreóg a cadhcé[?] agus leig ar siubhal an tam seo mé.

Collector
Antaoin Ó Gallchobhair
Gender
male
Informant
Antaoin Ó Gallchobhair
Gender
male
Language
Irish