School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 1
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal
    Bhí gar mháthair agus gar athair agam agus ba an t ainm a bhí ortha Eóin Ó Mulligan agus Maighread Ní Dúgain. Bhí sagart síos i nGaoth Dobhair a dtugadh said an Sagart ‘Ac Fáidín air. Ba ghnáthach leis theacht aníos na gcnoc a sheilg. Ní rabh tae no plúr ar bith ag gabháil san am agus lá amháin tháinig an sagart aníos agus bhí punta tae leis ag mo ghar mháthair.
    Ní rabh scríobán ar bith aicí ins an am, agus ghlan sí préataí agus scríob sí ar chloich garbh a bhí ag tóin an toighe iad. Nuair a bhí sé ag imtheacht na chnuic, d’iarr sé uirthí an t uisce a béith bruidte nuair a thiocfadh sé le braon tae a dheanamh. Chuir sí pota uisce ar an teinidh agus chuir sí punta an tae síos air. Nuair a bhí sé ag gail thóg sí é, chuir sí an tubán ar lár an urláir, agus bascóid ina bhéal agus shil sí an súgh isteach sa tubán, agus choinnigh sí na duilleógaí fá choinne an tsagairt.
    Nuair tháinig an sagart agus mó gar athair isteach as an chnoc bí seacht ngearrfhiadh leó. Chuir an sagart ceist an “raib an t uisge bruidte.” Dubhairt sí go rabh “ an tae réidh”. D’iarr an sagart “é chuir ar bórd.” Ní raibh táblaí ar bith ag gabhail san am. Thug sí aníos stól agus suidhe an sagart ar cheann an stóíl. Chuir sí pláta ime agus pláta bocstaí roimhe ar an stól. Chuir sé ceist “ca bfuil an tae” agus tug sí aníos bascóíd na nduilleog. chuige. Chuir an sagart ceist “caide rud seo”. Arsa sise. “Atháir sin an tae”. “Ó bhó, bó, cá bhfuil an súgh a bí ar na duilleogaí” arsa’n sagart. “tá sé ins an tubán” arsa sise”. “Ó tá an tae millte” arsa’n sagart. Choidhche nuair a béas tú ag deanamh reidh tae coinnigh an súgh agus caith ar shiubhal na duilleogai.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Ruaidhrí Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Informant
    Maighread Nic Suibhne
    Gender
    Female