School: Dún Lúithche (roll number 16423)

Location:
Dunlewy, Co. Donegal
Teacher:
Séamas Mac Giollabhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Lúithche
  2. XML Page 227
  3. XML “An Bhaintreach agus a Triúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An bhaintreabhach agus a triúr mach
    Fad ó shoin bhí baintreabhach ann agus bhí trí mhac aici. Lá hamháin bhí siad amuigh ag obair. Tháinig an fear a ba sinne isteach agus dubhairt sé go raibh sé ag imtheacht a shaortughadh a (chuid). chodach. Diarr sé ar a mháthair dhá bhonnóg aráin a dhéanamh. Rinne sí iad agus nuair a bhí siad déanta chuir sí ceist air.
    “Ciacú a bfearr leis an bhonnóg mhór agus a mallacht no an bhonóg bheag agus a beannacht” Dubhairt sé gur bhfhearr leis an bhonóg mór agus a mallacht. Dimthigh leis go dtí go dtáinig sé fhadh le chúirt mhór.
    Chuaidh sé isteach agus bhí teine bhreag annsin roimhe. Theigh sé a fhéin agus nuair a damharc sé thart chonnaic sé tábla agus é lán dó gach rud ní bfearr na chéile. Bhí sé tuirseach agus chuaidh sé isteach i seomra agus bhí leabhaidh bhreagh annsin agus chuaidh sé a luighe acht nuair a bhí sé tamall na luighe tháinig leomhan isteach agus mharbuigh sé é. Cupla lá na ndiaidh sin tháinig an dara fear agus dubhairt sé an rud ceadhna. “ Chuir sí ceist ar ciacu a bfearr leis an bhonóg mhór agus a mallacht no an bhonóg bheag agus a beannacht agus dubhairt sé gur bfearr leis an bhonóg mór agus a mallacht” dimthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an áit cheadna agus mharbuigh an leomhan eisean fósta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Dubhagain
    Gender
    Male
    Informant
    Maigreadh Bean Mhic Ghaoith
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Gleann Tornáin, Co. Donegal