School: Dún Lúithche (roll number 16423)

Location:
Dunlewy, Co. Donegal
Teacher:
Séamas Mac Giollabhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Lúithche
  2. XML Page 223
  3. XML “Saibhreas i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Saidhbhreas i bhfolach
    Nuair a bhí saighdiuirí na Sasanach suidhte ins an cheanntar seo fadó shóin, deirtear go rabh cisteóir aca, agus airsean bhí oibliogaid amharc indiaid páighe na bhfear agus gach gnoithe eile ag baint le airgead.
    le linn a bheith lámhadh cuid mhór airgid is dóiche gur éirigh sé sanntach agus innistear dúinn go dtug sé leis mála an airgid am amháin, chuaigh isteach ins an choill leis, rinn poll ag bun crainn, chuir an t-airgead i bhfolach sa talamh, ag dreim le pilleadh ins an am a bhí le theacht, agus seilbh a ghlacadh ar an taisgidh.
    Saoilim nar phill sé araist. Nuair a chuaidh tuairisc ar an airgead, leanadh suas an cheist go bhfuaras an cisdeóir cionntach, agus creidim go bhfuair sé seal fada sa phriosiún.
    Dinnis sé an sceal da mhac, agus níl sé moran bliadhanta ó shoin ó chaith seisean tamall ama i ndúin a lúithche ag seilg ar an stór a chur athair i bhfolach ag bun an chrainn.
    Rachadh sé go dtí an choill gach lá ar feadh míosa ag cuartughadh leis ag bun na gcrann acht bhí a saothar i n-aiscidh.
    Dhuiltuig putogaí an talaimh an saidhbhreas a nochtughadh agus tá sé ansin gofóill ag fanacht le oighre, cia’r bith eisean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir