School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad
(1) Dún a Lúithche
(2)Muine Mor
(3)Muine Beag
(4) Gleann Tóir nFinn
(5)Mín na ngall
(6)Mín na bpoll
(7)Mín na cuinge
(8)Mín na craoibheDún a Lúithche
bheirtear Dún a lúithche ar an cheanntar seo uilig de bhríg go bfuil seacht mbaile eile i n-éinfheacht leis.
bheirtear Dún Lughbhaidh ar go minic, acht baineann muinntir na háite úsáid ar an ainm Dún a Lúithche,
Deirtear go rabh dún annseo i n-aimsir na ndálach, agus gurabh é taoiseach dar b'ainm lughbhaigh a chur suas é.
bféidir gurab é seo an bharamhail cheart acht ní aontuighim leis.
Ins an chead dul amach: caithfidh duine dearcadh ar chanamhaint na ndaoiní. Saoilim gur seo crúthughagh láidir le ainmneacha áite mhíniughadh.
Dubhairt mé cheana fhéin, gurab é Dún a Lúithche an focal i mbéal na ndaoiní.
Sé mo bharmhail féin go dtainig an t-ainm seo uadh luaith no luachra; agus leis sin a dheimhniughadh tchídim go bhfuil páirc abhos faoin an dún a dtabarann na daoiní "páirc na luaithe" uirthi, go dtí an lá indiu.- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir