School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 97

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 97

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 97
  3. XML “Iascaire na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amach na h-abhna na dhiaidh. Nuair a bhí siad ag teacht comhgarach dó rinn sé colamán de féin agus d'imthigh sé suas ins an aer. Rinn an muinntir eile dhá sheabha déag díobhtha féin agus chuaidh siad sa tóir air.
    Bhí siad ag gabhail thart le teach mór agus bhí giorsach na suidhe san fhuinneoig báirr agus í ag fuaghal. Rinn an colamán fáinne de féin agus chuaidh sé suas ar mhéar na giorsaighe. Rinn siad-san dhá greásaidhe déag díobhtha féin agus chóirigh siad a rabh de shean bhróga sa teach. Nuair a bhí siad réidh chuir an fear uasal ceist ortha goidé an pháighe a bhí dhith ortha ar son a gcuid oibre. Dubhairt siad-san gur an fáinne a bhí ar mhéar na giorsaighe a bhí siad a dh'iarraidh. Dubhairt an maighistir gur sin an rud ba lugha thiocfadh leis thabhairt dóbhtha. Scairt sé ar an chailín agus d'iarr uirthi an fáinne a thabhairt dóbhtha. Dubhairt sise nach dtabharfadh agus chaith sí isteach ar chúl na teineadh é.
    Annsin runn siad-san dhá bhuilg déag díobhtha fhéin agus shéid siad an teine agus an luaith suas an simleóir. Nuair a bhí an fáinne chomhair acu bhí moll coirce ag taoibh na teineadh. Léim sé agus rinn sé gráinín coirce de féin. Rinn an mhuinntir eile turcaigh díobhtha fein agus thoisigh siad a ithe an choirce. Rinn seisean madadh ruadh de féin agus bhain sé na cinn díobhtha. D'imthigh sé féin agus a athair go rabh siad ag teach an mhaighisteara. Thug siad leo an t-ór agus an t-airgead
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal