School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 93

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 93

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 93
  3. XML “Iascaire na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin agus is fada ó bhí, bhí iascaire na chomhnuidhe i nÉirinn. Bhí a bhean le tógail aige agus bhí dóigh mhaith ortha mar ní rabh an chuid mhór le spárail acu. Lá amháin nuair a bhí an fear amuigh ag iasgaireacht tchidh sé an bád ag tarraingt air. Nuair a thainic an bád had leis labhair an fear a bhí innti leis an iascaire. D'fhiafruigh sé de caidé a bhéarfadh sé dó-san dá líonfadh sé an bád le h-iasc dó. Dubhairt an t-iascaire go dtabharfadh sé gach ar bith dó a d'iarrfadh sé. "Bhal", arsa an fear, "líonfaidh mé an bád de iasc duit má thabharann tú damh an phronntanas a bhéas fá do choinne nuair a rachas tú 'un na bhaile, nuair a bhéas sé dhá bliain déag d'aois". Thoiligh an t-iascaire leis an mhargadh sin. Líon an fear eile an bád annsin agus bhain an t-iascaire a bhaile féin amach.
    Nuair a chuaidh sé isteach 'un toighe bhí mac óg fá na choinne. Chuir seo an dubh lúthgáir air ach san am céadna chuir sé buaidhreadh mór fosta air nuair a smaoitigh sé go gcaithfeadh sé scaramhaint leis nuair a bhéadh sé dhá bhliain déag daois. Bhí sé ag smaoiteadh fosta go mb'fhéidir nach bhfeicfeadh sé a choidhche airíst é na dhiaidh sin. Achan lá na diaidh sin bhí sé ag fagháil lán an bháid de iasc. Níor innis sé do na bhean ariamh fán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Proinnsias Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal