School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 90

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 90

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 90
  3. XML “An Bhanríon agus Cailleach na gCearc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go rabh ach dubhairt CAilleach na gCarc nach rabh. "Bhal" ars an bhainríoghain "cuirfidh mise bean na dtrí súl amach amárach léithe agus beidh fhios agam".
    Nuair a bhí na málaí líonta ar maidin lá ar na bhárach cuireadh bean na dtrí súl léithe. Shiubhail siad leo gur casadh crann ubhall ortha agus d'iarr an leas-ingean uirthi ubhall a ithe, ubhal a bhaint agus ceann eile a thabhairt léithe. Dubhairt bean na dtrí sul gur ith sí a sáith ubhlaí sa bhaile. Shiubhail siad leo gur casadh crann sméar ortha agus d'iarr an leas-ingean uirthi an rud céadna a dhéanamh ach dubhairt sise nach ndéanfadh. Shiubhail siad leo gur casadh crann spíonóg ortha. Dhiúltaigh an leas-ingean baint ar bith a bheith aici leis na spíonógaí.
    D'imthigh siad leo annsin go rabh siad as coinne an túir. D'iarr an leas-ingean uirthi suidhe síos go gcíorfadh sí a ceann. Dubhairt an leas-ingean gur chíor sí a ceann sul ar fhág sí an bhaile. D'imthigh an leas-ingean go dtí an túr ach lean an bhean eile í. Chuaidh an leas-ingean isteach agus ní leigfeadh sí isteach an cailín eile. Nuair a chonnaic an cailín eile nach leigfeadh sí isteach í chuaidh sí anáirde ar na fuinneógaó agus d'amharc sí isteach ortha. Nuair a bhí an leas-ingean réidh thainic sí amach agus d'imthigh an bheirt acu leo na bhaile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Language
    Irish
    Informant
    Róise Ní Dhubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal