An Bhainríoghain agus Cailleach na gCearc
Bhí rí agus bainríoghain ann i bhfad ó shoin agus bhí triúr mac agus ingean acu. Fuair an bhainríoghain bás agus annsin cuireadh an triúr mac isteach i dtúr a bhí i bhfad ar shiubhal sa Domhan Thoir. Fágadh an ingean sa bhaile ag an athair. Fá dheireadh phós an rí bean eile agis bhí triúr ingeanach aici. Bhí an t-iomlán acu go h-olc do'n leas-ingean. Achan lá chuirfidh ar shiubhal an leas-ingean le mála bidh chuig na bochta ach ní do na bochta a bhí sí ag tabhairt an bídh, is do na cuid dearbhrathaireacha a bhí sa túr san Domhan Thoir.
Lá amháin chuaidh an bhainríoghain síos go dtí tobar uisce. CAsadh Cailleach na gCearc uirthi agus d'innis sí do'n bhainríoghain nach rabh an leas-ingean ag roinnt an bhídh ar na bochta i n-aon chor. Dubhairt an bhainríoghain go gcuirfeadh sí bean de na cuid ingeanach dhéin léithe an darna lá agus go mbéadh fhios aici annsin caidé bhí sí a dhéanamh leis an bhiadh.
Nuair a thainic an leas-ingean chuir an bhainríoghain ceist uirthi an rabh sí ag roinnt an bhídh ar na bochta. Dubhairt an cailín go rabh cinnte. Lá ar na bhárach nuair a bhí sí ag imtheacht cuireadh duine de na cailíní eile léithe. Nuair a bhí siad giota maith ar shiubhal casadh crann ubhall ortha. D'iarr an leas-ingean uirthi ubhla a ithe, ubhla...
(continues on next page)