School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 81

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 81

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 81
  3. XML “Ball Dearg Ó Dhomhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ball Dearg Ó Domhnaill
    Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí leanbh aici darbh ainm Ball Dearg Ó Domhnaill. Thainic na saighdiúirí lá amháin go dtí an teach fá choinne na daoine a bhí sa teach a mharbhadh. Ní rabh fhios ag bean a' toighe caidé a dhéanfadh sí. Las sí coinneal agus bhí si ag gabháíl thart ar an choinnil. Shíl na saighdiúirí gur daoine a bhí sa teach agus nach rabh siad láidir go leor le iad a mharbhadh.
    D'imthigh na saighdiúirí lá choinne tuilleadh cuididh agus nuair a fuiar an bhean ar shiubhal iad d'imthigh sí agus d'fhág sí an leanbh istigh leis féin. Nuair a phill na saighdiúirí ní rabh duine san teach ach an leanbh. Chuaidh na saighdiúirí isteach 'un toighe agus d'iarr an t-oifigeach ortha an leanbh a mharbhadh. Chuaidh fear acu go dtí an cliabhan agus nuair a thoisigh an leanbh a gháiridhe leis, ní leigfeadh a croidhe dó an leanbh a mharbhadh. Chuaidh an t-oifigeach suad annsin ach rinn an leanbh gáire agus ní raibh uchtach aige a mharbhadh. Annsin thug sé leis an leanbh go Sasain.
    Bhí beirt ghásúr ag an oifigeach agus bhí siad go h-iongantach mhaith do Bhall Deard. Shíl siad gur a ndearbhbhrathar féin a bhí ann. bhí siad oidhche amháin amuigh ag déanamh cuideachta agus dubhairt fear acu go gcaithfeadh gach duine acu athchuinge a iarraidh. D'iarr an fear a ba sine an chead...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal