School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Rann na Feirsde | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 77

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

iomlán an fhíona. Ach indiaidh an iomláin ní rabh an fear uasal sásta a thabhairt dó. "Anois" ar seisean "caithfidh tú bád a fhaghail a rachas ar an talamh comh maith leis fhairrge.
D'imthigh Peadar isteach na coilleadh agus casadh an fear beag dó agus d'innis Peadar a sgéal dó. Thug an fear beag an bád dó. D'fhág siad slán ag na chéile agus d'imthigh Peadar leis ag tarraingt ar an fhear uasal. Thug sé an bád dó agus thug an fear uasal an cailín dó le pósadh. Pósadh an lánamhain agus bhí sgoith dóigh ortha na dhiaidh sin.

Bhí bean agus fear ann uair aháin a rabh dóigh mhaith ortha agus ní rabh acu ach giorsach bheag amháin de theaghlach. Bhí an fear amuigh a seilg lá agus chualaidh sé caoineadh thuas i gcrann. Chuaidh sé suas sa chrann agus caidé fuair sé ach leanbh beag deas. Gasúr beag a bhí ann agus thug sé leis na bhaile é. Bhí lúthgháir mhór air féin agus ar na bhean fá choinne an ghasúra. Thóg siad an leanbh go rabh sé na ghasúr mhór.

(continues on next page)
Informant
Maighread Nic Ruaidhrigh
Gender
female
Age
37
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Language
Irish