School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 76

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 76

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 76
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus comh luath agus chonnaic sí é fágadh marbh leis na gáiridhe í.
    Annsin d'iarr Peadar an ingean air le pósadh ach ni rabh sé sásta a thabhairt dó. "Sul a bhfuigh tú mo ingean" ar seisean "caithfidh tú fear fhagháil a íosfas a bhfuil de arán in mo sheilbh". D'imthigh Peadar agus chuaidh sé fhad leis an áit a bhfuair sé an gé. Casadh an fear beag dó agus d'innis Peadar dó go rabh sé ag gabhail thart le teach go rabh ingean ag fear an toighe agus an té chuirfeadh gáiridhe í go bhfuigeadh sé í le pósadh. "nuair a chonnaic sí mise chuaidh sí a gháiridhe. D'iarr mé í le pósadh ach dubhaurt sé nach bhfuigeadh go bhfuighinn fear a d'íosfadh a rabh de arán ina sheilbh". Annsin dubhairt an fear beag leis go dtug sé gé dó agus fosta go dtabharfadh sé fear dó a d'íosadh a rabh de arán ag an fhear uasal. Thug sé an fear do Pheadar agus d'imthigh Peadar leis ag tarraingt ar an fhear uasal.
    Nuair a bhí sé ag an teach buchairt sé leis an fear uasal go rabh fear leis a rabh ocras air. Thoisigh sé agus d'ith sé go dtí nach rabh greim bídh fágtha ag an fhear uasal. Ach ní thabharfadh sé a ingean dó go bfuigeadh sé fear a d'ólfadh a rabh de fhíon in a sheilbh. D'imthigh Peadar na coilleadh agus casadh fear dó a rabh tart mór air. Thug Peadar chuig an fhear uasal é agus d'ól sé...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ó Grianna
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal