School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 72

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 72

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 72
  3. XML “Scéal na nGadaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'iarr Conall air iad a thaisbeaint dó. Chuir an siopadóir anall bocsa a rabh dhá dhuisín ann. Thoisigh Conall a dh'amharc ortha. Chuir sé ceann acu na phóca agus cheannuigh sé ceann eile.
    Chuaidh sé amach agus thaisbeán sé an dá uaireadóir do Phádraic, "An bhfaca tú sin," arsa Conall? "Chonnaic", arsa Pádraic, ach fan thusa go bhfeicidh tú seo". Chuaidh sé isteach 'un tsiopa agus d'innis sé don tsiopadóir go rabh dhá uaireadóir leis an fhear a d'imthigh amach. D'amharc an fear sa bhocsa agus ní rabh ann ach dhá uaireadóir agus fiche. Amach leis indiaidh Chonall agus d'fhág sé an bosca faoi Phádraic. Lean sé Conall ach chan fhuair sé greim air. Nuair a fuair Pádraic amuigh é thug sé leis na h-uaireadóirí uilig agus d'imthigh sé go dtí an caisleán.
    D'innis Conall do na fir eile gur leig Pádraic an cat as an mhála air agus bhí siad fá choinne Pádraic a chaitheamh isteach i bpríosún, ach d'innis Pádraic dóbhtha go rabh dhá uaireadoir agus fiche goidte leis féin agus char bhain siad do. Dhíol Pádraic na h-uaireadoirí agus fuair sé cupla míle punnta ortha. Chuaidh sé ar an tsoitheach go h-Éirinn. Rinn sé teach breágh agus phós sé. Ní rabh dhios ag duine ar bith caidé mar rinn sé an t-airgead. Chomhnuigh sé féin agus a bhean fada go leór go sona sásta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Róise Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal