School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 71

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 71

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 71
  3. XML “Scéal na nGadaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthigh an triúr leo go dtí caisleán a bhí ann. Shíl Pádraic nach rabh ins an chaisleán an fir uaisle. Chuaidh siad isteach agus bhí duisín fear istigh agus iad thart ag tábla mór bídh. Fuair Pádraic, Conall agus an fear uasal a suipeár. Nuair a bhí sé ag druidim leis an h-aon déag dubhairt Conall le Pádraic suidhe annsin go dtiocfadh siad san araist.
    D'imthigh Conall agus na fir. Bhí Pádraic leis féin agus bhí sé iongantach tuirseach. Thuit sé ina chodladh agus nuair a mhuscail sé bhí an lá geal ann agus na fir uilig istigh. An tráthnóna sin chuir Pádraic ceist ar Chonall caidé an gléas beatha a bhí acu. Dubhairt Conall leis go rabh achan duine acu na ghaduidhe. Dubhairt Pádraic leis go mbéadh sé féin na ghaduidhe fosta. Dubhairt Conall leis go mbéadh siad uilig ag gáiridhe faoi. D'innis Conall do na fir eile é agus thoisigh siad uilig a gháiridhe faoi. Sa deireadh leig siad Pádraic leo.
    D'imthigh Conall agus Pádraic go dtí siopa mór a rabh cloganna agus uaireadóirí óir ghá ndíol ann. "Fan thusa amuigh ag an doras," agus coimead an rud dhéanfas mise", arsa Conal le Pádraic. Chuaidh Conall isteach 'un tsiopa agus d'iarr sé ar an tsiopadóir na n-uaireadóirí a thaisbeaint dó. Chuir an siopadóir anall bocsa deas a rabh dhá dhuisín ann. Thoisigh Conall a dh'amharc ortha. Chuir sé ceist ar an t-siopadóir an rabh uaireadóir níos daoire ná sin aige. Dubhairt an fear go rabh rudaí óir aige a bhí céad punnta an ceann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Róise Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal