School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 65

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 65

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 65
  3. XML “An Gabha agus an Gasúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar an oilean. D'iarr sé ar na fir bád beag a thabhairt leo agus an gasúr a thabhairt chuige. Rinn na fir mar h-iarradh ortha agus thug siad an gasúr ar bhórd luinge chuig an chaptaoin. Chuir an captaoin fáilte roimh an ghasúr agus thug sé biadh agus deoch dó. Nuair a bhí a sáith ite aige d'innis sé an sgéal do'n chaptaoin mar caitheadh amach ins an fhairrge é.
    Sheol an bád léithe go dtainic siad go Sasain. Nuair a shroich siad an cladach d'iarr an captaoin ar an ghasúr imtheacht leis. D'imthigh sé leis. Chonnaic sé triúir fear ag siubhal roimhe agus lean sé díobhtha agus cá h-áit a rabh siad ag gabhail ach na ceardcha. Nuair a d'imthigh na fir araist chuir an ghabha ceist ar an ghasúr caidé bhí bhith air. "Tá" ars' an gasúr "loistín na h-oidhche". Dubhairt an gabha go dtiocfadh leis fanacht go maidin. Annsin d'innis an gasúr do'n ghabha mar caitheadh amach ins an fharraige é agus mar thainic sé go Sasain. Dubhairt an gabha má's mar sin a bhí go gcongbhochadh seisean feasta é ná go rabh sé dhith air.
    An bhliain na dhiaidh sin mheath an bárr i nÉirinn. D;imthigh na preáchain uilig anonn go Sasain ach coileach agus cearc. Leig an chearc amach éilín agus fuair siad uilig bás ach ceann amháin. Nuair a bhí an t-éan trí lá d'aois d'imthigh an chearc léithe go Sasain. D;fhan an coileach sa bhaile agus thug sé aire do'n éan.
    An dara bliain bhí bárr maith i nÉirinn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    Language
    Irish
    Informant
    Searlus Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Anagaire, Co. Donegal