School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
An Gabha agus an Gasúr

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 64

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Gabha agus an Gasúr
19adh lá Márta

Bhí gabha i n-Éirinn fad ó shoin. Bhí sé pósta agus ní rabh aige ach mac amháin. Nuair a rugadh an mac fuair an bhean bád agus thóg an gabha an gasúr. Nuair a bhí an gasúr sé bliadhna d'aois chuir an gabha 'na scoile é agus chongbhuigh sé ar an scoil é go rabh sé sé bliadhna déag d'aois. Bhí an oiread sin léighinn ag an ghasúr is go dtuigeadh sé caidé bhí na h-éanacha ag rádh.
Lá amháin nuair a thainic an gasúr na bhaile ó'n scoil chuaidh sé síos go dtí an áit a rabh an gabha ag obair agus shuidh sé ag taoibh na teineadh. Thainic éan beag isteach agus thoisigh sé a cheol "Caidé tá an t-éan beag sin ag rádh?" arsa an gabha. "Tá" ars an gasúr "ní thig liomsa sin a innse duit". Caithfidh tú a innse domh" ars an gabha, " na muirbhfidh mé tú". "Bhál" ars an gasúr "tá sí ag rádh go dtiocfaidh mise'un oiread sin saidhbhris go fóill is go rachaidh tusa síos un tseaomra go dtabharfaidh tú aníoséadach lámh chugam-sa le mé féin a thriomadh agus tiocfaidh tú aníos ar do dhá ghlúin thárnocht". "Má's mar sin atá" ars' an gabha, "tá tú fada go leor agamsa" agus chaith sé an gasúr isteach san fhairrge.
Bhí an gasúr iongantach maith ag snámh agus shnámh sé go dtí oilean beag a bhí amuigh ins an fhairrge. Nuair a bhí sé trí lá ar an oilean, bhí bád Sasanach ag gabhail thart. Bhí gloinne ag an chaptaoin agus agus é ag amharc uaidh. Chonnaic sé an gasúr...

(continues on next page)
Informant
Searlus Ó Dubhthaigh
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Annagary, Co. Donegal
Language
Irish