School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 51

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 51

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 51
  3. XML “Scéal an Ghasúra Bhig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rí agus bainríoghain ann agus bhí mac acu. Nuair a bhí an gasúr trí bliadhna d'aois fuair a mháthair bás agus phós an t-athair ath-uair. Bhí leasmháthair aige annsin agus bhí iongantach olc dón ghasúr bheag. Ní thabharfadh sí mórán bídh le h-ithe dó. Bhéadh ocras i gcomhnuidhe air, bhéadh a chuid éadaigh stróctha agus bhéadh sé ag buachalleacht achan lá.
    Nuair a bhéadh sé ag buachailleacht bhéadh am breágh aige mar bhí canna beag aige agus bhí sé ah blighe an eallaigh achan lá agus ag ól an bhainne. Bhí iongantas ar an leas-mháthair comh reamhar agus bhí sé ag éirghe agus gan í ag tabhairt mórán dó le hithe. Chuaidh an leas-mháthair chainnt le seanbhean a bhí na gcomhnuidhe taoibh thall díthe faí gásúr bhead agus bhí sí ag innse díthe mar bhí an gasúr ag éirghe reamhar. Dubhairt an tseanbhean go gcoimeadfadh sise é dara lá.
    Nuair a chuaidh an gasúr amach a bhuachailleacht an dara lé chuaidh an tseanbhean go dtí an pháirc a rabh sé ann agus thoisigh sí a choimhead. Ní rabh sí i bhfad ag coimhead go bhfacaidh sí an gasúr beag ag tabhairt leis an channa ag blighe an eallaigh agus ag ól an bhainne. D'imthigh an tseanbhean agus d'innis sí seo do'n leas-mháthair. Chros an leas-mháthair air gan sin a dhéanamh níos mó agus ó sin amach ní thiocfadh leis an ghasúr baint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    43
    Address
    Loch na nDeorán, Co. Donegal